Contents Previous Next As Gaeilge |
Na Naoimh Éireannach By
Tomás Ó
Fiaich
|
|
The map of Europe showing the influence of Irish monks in the early medieval period is most dense in the area which today corresponds to north-eastern France and Belgium. This chapter of Tomás Ó Fiaich’s book sketches the stories of the most illustrious of the Irish monks who worked in this area during this period. |
Deisceabail
N. Columbán, cuid acu ina nÉireannaigh agus
cuid acuá ón Mhór-Roinn, ba luaithe a
leathnaigh an manachas amach ó Luxeuil ar fud thuaisceart
na Fraince agus ar aghaidh thar theorainn an lae inniu go lr na
Beilge sa 7ú céad. An té a onórtar
inniu mar phríomhaspal na Beilge, N. Amand, is in Aquitaine
a rugadh é, ach oileadh faoi riail N. Columbán
é. Sula bhfuair Columbán féin bás
bhí dea-chaidreamh bunaithe idir na manaigh
Éireannacha agus uaisle na Fraince, rud a chuaigh ar sochar
do fhás an mhanachais sa chéad ghlúin eile.
Sin an fáth go dtugann Prinz 'manachas Hiberno-Fhrancach'
ar an chineál manachais a shíolraigh ó
Luxeuil sa chéad leath den 7ú haois. Ó
Éirinn a tháinig an síol, an spiorad agus an
riail bheatha, ach ón Fhrainc féin a tháinig
formhór na manach, agus na ríthe agus na huaisle go
léir a thug tacaíocht dóibh. Is leor beagán samplaí a thabhairt den tionchar ollmhór a bhí ag Luxeuil. Chuaigh beirt shagart ó Éirinn, Fricor agus Caidoc, i bhfeidhm chomh mór sin ar Richarius, duine de uaisle na Piocairde, gur fhág sé saol na cúirte chun mainistir a bhunú faoi riail Cholumbáin a fuair a hainm uaidh féin — St Riquier. Bheannaigh Columbán iníon Chagneric, duine de uasal-aicme Meaux agus bhunaigh sise (Fara) an clochar cáiliúil a baisteadh óna hainm — Faremoutiers. Thug Wandrille, cúnta an pháláis, a chúl leis an saol agus bhunaigh sé mainistir Fontenelle in aice le Rouen timpeall 648 — St Wandrille a thugtar mar ainm ar an áit anois. Bhí Ouen tar éis bualadh le Columbán agus é ina ghasúr agus i dtrátha 636 bhunaigh sé mainistir Rebais faoi riail an Éireannaigh. I Rebais a oileadh Philibert, an té a bhunaigh Jumieges in aice le Rouen timpeall 655. Thug an Bhanríon Bathild cuireadh do mhanaigh Luxeuil mainistir nua a thosú i gCorbie i 657 agus bhunaigh sí féin clochar ban rialta faoi riail Cholumbáin i Chelles in aice le Páras. I Luxeuil féin a oileadh N. Omer, easpag Therouanne, agus Valery, ab Leucone, agus Bereharius (Berchaire), ab Montier-en-Der. B'fhíor don té a scríobh beatha an aba dheireanaigh sin nuair a dúirt sé: 'Cén áit anois, cén chathair nach aoibhinn leo easpag nó ab a bheith i gceannas orthu a oileadh faoi riail an fhir naofa sin?’ Ach siúd is gurbh iad na Francaigh fein is mó a leathnaigh riail Cholumbáin ar fud na Fraince, bhí corr-Éireannach ina mease fosta. Duine acu sin ba ea Deicolus — is dócha gur Dicuil nó Céile Dé a bhí mar ainm air sular fhág sé Éire. Nuair a ruaigeadh Columbán as Luxeuil bhí Deicolus róbhreoite lena chomóradh agus d'fhan sé ina dhíthreabhach i sléibhte na Vosges. Bhronn an tiarna áitiúil leadhb thalaimh air ar ball, agus ar a chuid talaimh féin a bhunaigh sé mainistir Lure. Deir a 'Bheatha' (nár scríobhadh go ceann trí chéad bliain) gur dheartháir le Naomh Gall a bhí ann. Maíonn 'Beatha' N. Roding nó N. Rouin a bhí ina ab ar mhainistir Beaulieu san Argonne, gurbh Éireannach eisean chomh maith (b'fhéidir gur ó Ruaidhin a shíolraigh an t-ainm) agus go dtáinig sé chun na Fraince in éineacht le Columbán. D'fhéadfá a rá dá bhrí sin go raibh an manachas á leathnú ag deisceabail Cholumbáin ar feadh glúine ar a gconlán féin go dtí go dtáinig díorma nua as Éirinn i lár an 7ú haois chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh. Naomh Fursa is iomráití den choilíneacht nua, cé gur bheag an tionchar a bhí aige ar an cheantar go dtí tar éis a bháis. Tá sean- teampaill in onóir do naomh dárbh ainm Fursa i gContae Chiarraí, i gContae na Gaillimhe agus i gContae Lú go dtí an lá inniu. Ní fios arbh ionann an triúr nó arbh é an fear céanna nó fear eile a d'imigh thar sáile. Cé go n-abraíonn an Vita Prima gur ar bhruach Loch Oirbsean a rugadh é, tá cúpla sifín beag sa ghaoth a cheanglaíonn fear na Fraince le Contae Lú. Bhunaigh sé mainistir Cnoberes- burgh i Sasana (Burgh Castle faoi ghiota de Great Yarmouth inniu), agus ar ball d'fhág sé a dheartháir Faolán i mbun na mainistreach sin agus thaistil sé féin chun na Fraince (c. 644-5). Chuir sé mainistir ar bun i Lagny i ndeas do Pháras agus d'éag sé i 649 nó 650. Bhí a cháil imithe chomh fada sin roimh a bhás gur ghlac maor pálais Neustria (Erchinoald ab ainm dó) seilbh ar a chorp mar thaise luachmhar le haghaidh an teampaill nua a bhí sé a thógáil i bPéronne. I gceann tamaill ruaigeadh Faolán agus a chuid manach as Cnoberesburgh agus tháinig siad le baint fúthu ag tuama Fhursa (650). Cuireadh an triú deartháir, Ultan, i mbun na mainistreach níos déanaí, agus ar dhul in éag dó tháinig an comhluadar faoi stiúir Éireannaigh eile, Ceallán (+ 706), file agus comhfhreagróir an scoláire Shasanaigh Aldhelm. Ar feadh dhá chéad bliain i ndiaidh bhás Fhursa d'fhan Péronne i seilbh na nGael — b'fhéidir go dtí gur scrios na Lochlannaigh in 880 í. Hospitale Scottorum a bhí ann chomh maith le monasterium Scottorum, áit a dtiocfadh leis an ógchléireach agus leis an aithríoch ó Éirinn an chuid eile dá saol a chaitheamh le hurnaí agus leis an bheatha rialta, agus áit a bhféadfadh an Gaeloilithreach dídean na hoíche a fháil ar a bhealach chuig scrín ní b'fhaide ó bhaile. Go leor manach ó Éirinn a bhí ag taisteal chun na Mór- Roinne ina dhiaidh sin, thug siad iarraidh cuairt a thabhairt ar Péronne, óir bhí Fís Fhursa ar Ifreann tar éis clú an naoimh a scaipeadh agus thuig siad go raibh corp neamhlofa an naoimh le feiceáil ann go fóill. Ní iontas ar bith dá bhrí sin go gcuirfí isteach in Annala na hÉireann ó am go ham obit manaigh a d'éag i bPéronne (Cathair Fhursa a thug na hAnnala uirthi) díreach mar dá bhfaigheadh sé bás i gCluain Mac Nóis nó i Lios Mór. Nó gur thosaigh scríobhaithe na Mór-Roinne a ghlaoch Peronna Scottorum ar an bhall coimhthíoch seo ina measc. Nó go raibh deabhóid do Naomh Pádraig beo i bPeronne go han-luath agus gur ón mhainistir sin a shíolraíonn cuid de na cóipeanna is sine dá bhfuil againn de Fhaoistin Phádraig. Nó gur fhás Péronne ina entrepot tábhachtach le lámhscríbhinní ó Éirinn a scaipeadh ar fud na hEorpa, sa chruth go bhfuil lámhscríbhinní a bhí sa mhainistir sin tráth le fáil chomh fada soir le Leningrad inniu. Níor éag Faolán i bPéronne ach d'imigh leis isteach sa limistéar fiáin atá i ndeisceart na Beilge anois. Chaith sé tamall i dtús báire i Nivelles, áit a raibh mainistir dhúbailte a bhunaigh N. Geartrúid, iníon Pippin Landen, agus a máthair, N. Íde, timpeall 640. Bhí an mhainistir seo ag leanúint riail na nÉireannach ón tús ach níor bunaíodh go speisialta do Éireannaigh í. I gceann tamaill chuir Faolán tús le Monasterium Scottorum dá chuid féin i Fosses (in aice Namur) i 651-2 agus mharaigh gadaithe é mar aon lena thriúr compánach i Le Roeulx sa cheantar sin ar an 31 Deireadh Fómhair 655. Fuarthas na corpáin i bhfolach ar an 16 Eanáir 656 agus tugadh ar ais go Nivelles faoi ardómos iad agus cuid acu ar aghaidh go Fosses. Rinneadh tochailt i Fosses agus i Nivelles ón Dara Cogadh Domhanda i leith agus fuarthas a lán iarsmaí ón 7ú haois faoi dhú-shraitheanna na dteampall atá iontu inniu. Má bhí Fursa agus Faolán ar an bheirt a b' iomráití i measc na naomh Éireannach a chuaigh go dtí an Phiocard agus an Bheilg sa 7ú haois, bhí Fiachra inchurtha leo sa ghreim a fuair sé ar aigne an ghnáthphobail. Shocraigh sé síos mar dhíthreabhach sa Bhrie, an limistéar fairsing mín sin thart timpeall ar chathair Meaux, i lár an 7ú céad. Bhí Faro ina easpag ann, mac an fhir uasail Chagneric a chuir aithne ar Cholumbán ina aimsir féin agus a léirigh ardbhá le hoilithrigh ó Éirinn riamh ina dhiaidh sin. Deirtear gurbh é Fiachra an chéad duine a bhunaigh óstán ar leith do Ghaeloilithrigh ar an Mhór-Roinn (go fiú roimh Fhaolán) agus gur fhás mainistir Breuil níos déanaí timpeall an chillín a bhí aige. Níor éag sé go dtí tuairim is 670. Leathnaigh a chlú ar fud thuaisceart na Fraince ar fad sna meánaoiseanna, ach níor scríobhadh a 'Bheatha' go dtí an 12ú haois agus níl sí iontaofa mar stair. D'éirigh leis an Easpag Faro díthreabhach eile as Éirinn darbh ainm Cillian a mhealladh le cónaí a dhéanamh sa cheantar céanna den Fhrainc. Chuir sé faoi in Aubigny in aice le hArras i lár an 7ú haois. Cé go n-aithristear a lán rudaí aiféiseacha ina 'Bheatha', léiríonn an fhoirm Chillenus ar a ainm go dtéann an traidisiún mar gheall air siar go dtí a aimsir féin .i. an 7ú céad. Tá níos mó ná dosaen ainmneacha eile beo sa bhéaloideas i dtuaisceart na Fraince agus sa Bheilg agus gan mórán cuimhne fágtha orthu ach gur fir naofa ó Éirinn iad. Is dócha go raibh roinnt acu ina ndeisceabail ag Fursa agus a bheirt dearthár; b'fhéidir go bhfuil corr-Éireannach ina mease a thaistil an bealach sin cúpla céad bliain níos déanaí agus gur ceanglaíodh trí dhearmad é leis an chéad dream i gcuimhne an phobail amháin. Tá seans ann nárbh Éireannaigh cuid acu ar chor ar bith, agus tá duine nó beirt ina measc a bhféadfaí a chur in amhras ar mhair siad riamh. Ach tá a n-ainmneacha agus a dtaisí agus a scéalta sa bhéaloideas faoi ardmheas go fóill: N. Eloque, a deirtear a tháinig i gcomharbas Fhursa mar ab ar Lagny; N. Goban, deisceabal Fhursa, a bhfuil baile beag baiste as a ainm in aice le Laon; N. Monon a cuireadh chun báis i measc shéibhte Ardennes i lár an 7ú céad; N. Oda, banphatrún St Oedenrode, taobh thuaidh de Eindhoven san Ollainn; N. Wiro agus N. Plechelm a onórtar i Roermonde sa tír chéanna; N. Maugille, compánach Fhursa, a chónaigh ina dhíthreabhach i bPonthieu, áit ar éag sé c. 685; N. Algeis, sagart i Thierache sa Phiocard i lár an 7ú céad; N. Etto (Aed?) a chuaigh chun cónaithe i bhFescau in aice le Dompierre (Nord) san aois chéanna; na deartháireacha Lugle agus Luglian a onórtar mar mhairtírigh i Montdidier in aice le Therouanne in oir- thuaisceart na Fraince. Faightear altóir tiomnaithe do dhuine acu agus tobar beannaithe a ghairmtear de dhuine eile, naoimh a mhair i dtraidisiún an cheantair inar shaothraigh siad ach nach ndeachaigh a gclú i bhfad i gcéin. Lena chois sin tá triúr eile a bhfuil eolas orthu in Éirinn ach nach bhfuil a snaidhm leis an tír seo a dhath níos cinnte ná an slua anaithnid: Rombaut (Rumold), mairtíreach agus pátrún Mechelen; Libhín, aspal Brabant agus pátrún Gent; Dympna, banmhairtíreach na geanmnaíochta agus pátrún Geel. Bhí an triúr seo ar na naoimh a b'fhorleithne deabhóid sa Bheilg san am atá thart agus glacadh leis gurbh Éireannaigh iad go 1éir. Is aisteach an rud é gur mar mhairtíreach a onórtar gach duine acu. Má bhí mairtírigh gann san Eaglais in Éirinn i dtús a saoil, ní hí sin an chuimhne uirthi is buaine a mhair i measc phobal na Beilge. |
|
Author:
Tomás Ó Fiaich was professor of history at St Patrick’s
College,
Maynooth, before being appointed Archbishop of Armagh and primate of
all-Ireland. He died in 1990. |
|
Source: Gaelscrínte San Eoraip by Tomás Ó Fiaich, published by Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Baile Átha Cliath, 1986. | |
Click here to Subscribe! | Feel
free to send our web
address and the password for this
issue to a friend. Encourage them to subscribe! Click here to email your friend(s)! |
A subscription is €10.00 or US$10.00 for 4 issues. Or St £10.00 for 5 issues. If using another currency please pay the equivalent. PayPal is an easy way to pay online, or you can send a cheque by post. We will accept cheques in any currency, but cannot accept bank drafts or credit cards. | |
AISLING
Magazine, 'An
Charraig',
Mainistir, Inis Mór, Aran Islands, County Galway, Éire Phone: + 353-(0)99-61245 - Fax: + 353-(0)99-61968 - E-mail: info@aislingmagazine.com |