Contents Previous Next As Gaeilge |
Gaelscrínte San Eoraip by Tomás Ó Fiaich |
This is the beginning of a full re-publication of Cardinal Tomás Ó Fiaich's book on the work of Celtic monks across Europe from the 6th century onwards. In this introduction and first chapter, Tomás explains why these communities of monks left Ireland and recounts the story of Columbanus. | |
RÉAMHRÁ Nuair a foilsíodh GaelscrÍnte i gCéin sa bhliain 1961 (1960 a bhi cloíte air ach níor tháinig sé amach go dtí 1961), bhí sé de chinealtas i m'easpag féin, an Cairdinéal D'Alton, réamhrá spéisiúil a scríobh don leabhar lena sheoladh chun bealaigh. Beag a shíl mé an t-am sin, nuair a bheinn ag saothrú an leabhair athuair, go mbeinn i mo chomharba air. Tá go leor cúiseanna le hiarracht nua a dhéanamh chun an t-ábhar seo a phlé i bhfoirm leabhair. Chuaigh Caelscrínte i gCéin as cló go luath agus is iomaí duine a dúirt liom ó shin go ndearna siad dianchuardach agus gur theip orthu cóip a fháil. Le linn na tréimhse céanna rinneadh ceiliúradh ar Mhór-Roinn na hEorpa ar chuid mhór naomh agus misinéirí agus scoláirí ó Éirinn de réir na mblianta ina bhfuair siad bás, agus úsáideadh an bhliain chuimhneacháin chun taighde nua a dhéanamh agus toradh an taighde a chur i gcló. Cuimhním go háirithe ar chuimhneachán N. Padraig in Auxerre (1961), N. Columbán i mBobbio (1965), N. Fiachra i Meaux (1970), chéad ardeaglais Salzburg (1974), Ollscoil Chaitliceach Lovain (1975), Colaiste na nGael i bPáras (1978), N. Fearghal i Salzburg (1984) agus N. Columbán i mBregenz (1985). Bhi sé d'ádh orm a bheith ábalta freastal ar a lán de na hócáidí seo agus eolas a chur ar a bhfuil ar siúl ag scoláirí na Mór-Roinne le cúig bliana fichead anuas. Lena chois sin d'úsáid mé cuid de mo laethe saoire i Maigh Nuad chun cuairt a thabhairt ar a lán áiteanna nua nach raibh siúlta agam nuair a foilsíodh Gaelscrínte i gCéin. Ar an dóigh sin tá an oirid ábhair nua bailithe agam le fada agus shíl mé nár cheart an 25ú bliain ó fhoilsiú Gaelscrínte i gCéin a ligean thart gan é a chur amach i bhfoirm leabhair. Tá an chuid is mó den ábhar a bhí sa seanleabhar le fáil sa leagan nua dá bhrí sin - go fiú a lán alt nár athraigh mé ar chor ar bith, go háirithe sa chéad chuid den leabhar. Ach tá an oiread sin áiteanna nua i gceist - go mór mór sa Ghearmáin agus san Iodáil - gurbh éigean teideal nua a cheapadh don leabhar ionas nach gcuirfí léitheoirí amú. Is beag Éireannacha a tugadh cuairt ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta sular foilsíodh Gaelscrínte i gCéin. Tá an scéal sin athraithe ó bhun go barr ó shin, go háirithe ó cheangail ár dtír le Comhphobal na hEorpa. Dar liom gur mór an trua go mbeadh na mílte Éireannach ag tarraingt ar an Róimh gach bliain anois nó ag obair sa Bhruiséil nó ag bádóireacht ar an Réin nó ag taisteal trí chathracha na Gearmáine ar nós Wurzburg, agus Nurnberg agus Regensburg, gan a fhios a bheith acu gur shiúil a sinsir an bóthar céanna tráth agus gur fhág siad iarsmaí so-aitheanta ina ndiaidh. Má chabhraíonn an leabhar seo le cuid de na hÉireannaigh sin a chur ar an eolas, beidh mé breá sásta. Is minic a d'fhiafraigh mé de Éireannach agus é tar éis fillte ó chuairt ar cheann de na cathracha sin an bhfaca sé cloigeann N. Cillian nó scrín N. Marianus Scottus nó Coláiste na nGael agus gur admhaigh sé nach raibh a fhios aige a leithéid a bheith ann. Is eagal liom gur beag a dhéanann na haisínteachtaí taistil de ghnáth (tá eisceachtaí ann, ar ndóigh) chun cuairteoirí ó Éirinn a threorú ar áiteanna ina gcuirfeadh Éireannaigh spéis ar leith. Mar sin féin, tar éis dom a bheith i gceannas ar a lán dreamanna as Éirinn a thug cuairt ar chuid de na Gaelscrínte seo ó d'imigh 'Oilithreacht na nGael' go Munchen i 1960, agus tar éis dom a lán léachtaí a thabhairt fúthu i ngach cearn d'Éirinn agus go leor alt a fhoilsiú agus scannáin teilifíse a dhéanamh orthu, is léir dom go bhfuil an bhród ar an ghnáth-Éireannach as saothar na nGael ar an Mhór Roinn agus go bhfuil tóir as cuimse aige ar eolas cruinn iontaofa mar gheall ar na misinéirí agus na scoláirí seo. B'fhéidir go dtiocfadh an lá go fóill nuair a b'fhiú le háisínteacht taistil éigin turas nó oilithreacht a eagrú chuig Gaelscrínte na Beilge nó na Gearmáine nó na hIodáile, díreach mar a eagraíonn siad a leithéid chuig scrínte eaglasta na Fraince faoi láthair. I 1989, mar shampla, céiliúrfar mairtíreacht Chillian i Wurzburg; i 1990 beidh 1400 bliain imithe ó d'fhag Columban Éire. Ní fhéadfainn an t-eolas atá sa leabhar seo a bhailiú gan a bheith faoi chomaoin mhór ag a lán daoine, go háirithe iad siúd a chabhraigh liom agus mé ar mo shiúlta éagsúla ar fud na Mór Roinne. Luaitear cuid acu sin san Fhocal Buíochais i ndeireadh an leabhair. Anseo ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a thabhairt don Athair Diarmuid Ó Laoghaire, S.J., mo fhear spreagtha agus mo fhear cúnta le caighdeán agus innéacs agus ceartú profaí. Go raibh naoimh na hÉireann mar idirghuítheoirí aige agus ag na léitheoirí go léir. † TOMÁS CAIRDINÉAL Ó FIAICH, Ardeaspag Ard Mhacha. Lá Fhéile N. Cillian, 8 Iuil 1986. CUID A hAON
SAOTHAR NA NAOMH A hAon BUNÚ AN TRAIDISIÚIN 'Tá náisiún na nGael chomh cleachtach sin le nós na deoraíochta anois gur beag nach den dúchas iontu é', a scríobh Walahfrid Strabo faoi chine Gael sa 9ú haois. I mainistir Reichenau ar oileán i Loch Constance (an Bodensee), mar a raibh sé ina ab ó 838 ar aghaidh, nó i gcúirt an Impire, Searlas Maol, bhí sé tar éis aithne a chur ar na scórtha deoraithe ó Éirinn a thug a gcúl go buan lena n-oileán dúchais. Fir naofa agus díthreabhaigh agus lucht aithrí; scoláirí scrioptúir agus gramadaí agus Gréigise; fir a bhí ar bior chun soiscéal Chríost a scaipeadh agus fir nach raibh uathu ach uirlísí an léinn; filí agus fealsaimh: bhris siad isteach thar dhíoga na hEorpa, i Volkerwanderung nua Críostaí a bhí inchurtha ar a dhóigh féin le hionsaí na dtreabh on Oirthear ar an Impireacht Rómhánach. Ó dheireadh an 6ú haois ar aghaidh a thosaigh an tuile ag líonadh, agus sula dtáinig trá uirthi i ndeireadh na meánaoise bhí an iomad séala fágtha aici ar léarscáil na hEorpa nár díbríodh go dtí an lá inniu. Cad é an spreagadh docheansaithe a chuaigh i bhfeidhm ar naisiún iomlán sa chruth gur fhág na mílte slán go deo le teaghlach is tír agus go dtug siad a n-aghaidh ar terra incognita thar lear? An té a d'fhanfadh i muinín chúiseanna nádúrtha déarfadh sé nach raibh ann ach comhartha eile de mhíshuaimhneas síoraí ár gcine, blas éigin den Wanderlust sin nach ligfeadh dóibh a bheith cuachta ceangailte in oileán mara. Maíonn savant clúiteach de chuid an 20ú haois gurbh iad an aimsir mhíthaitneamhach agus an tsíor-streachailt leis an saol sa bhaile a las iontu 'a passion for wandering which they cleverly disguised under the appearance of voluntary exile and heroic mortification'. Ach tá míniú den chineál sin róshimplí ar fad do ghluaiseacht a bhfuil lámh Dé le feiceáil ar gach cor di. Tá litríocht na nGael-deoraithe rólán de chuimhní do-scartha ar a dtír dhúchais, tá a gcuid saothair rólíonta den íobairt agus den troscadh agus den urnaí, lena ndeoraíocht a chur síos do mhianta pearsanta amháin. Is é fírinne an scéil gur gléas píonóis, gur uirlis féiníobartha, gur dréimire i dtreo na foirfeachta a chonacthas dóibh a bheith sa deoraíocht. Ba é an cuspóir céanna a bhí roimh an troscadh fada ar arán agus uisce nó roimh chrosfhighil na hoíche agus a bhí roimh thréigbheáil na gcarad ar son Dé. Rinneadh peregrinatio pro Christi nomine den turas, oilithre ar son ainm Chríost agus ar mhaithe le grá Dé. Nuair a bhí an cuspóir seo in uachtar, ba chuma mórán cén treo a rachadh siad. D'imigh corrdhuine, gan amhras, ar a oilithre (i gciall an lae inniu den fhocal) ag taisteal faoi ghríosú na deabhóide nó na haithrí chun na Róimhe nó b'fhéidir go hIarusailéim agus ag filleadh abhaile nuair a bhí an turas déanta. Ach ba é an gnáth oilithreach ó Éirinn ar an Mhór-Roinn an té a bhí i bhfách le gach ceangal de chuid an tsaoil seo a réabadh. Dá leithéidsiúd ba é a phríomhchúram a bhaile féin maille lena ghaolta agus a chairde a thréigbheáil. Ba ionann ina dhiaidh sin dá dtéadh sé ó thuaidh nó ó dheas. 'Tháinig triúr Éireannach ag triall ar an Rí Alfred', a deir croinic na Sacsan don bhliain 891-2, 'agus iad i mbád gan maide rámha ar bith. Bhí siad i ndiaidh Éire a fhágáil mar gur mhian leo dul ar oilithre ar son Dé, ba chuma leo cá háit'. Sin an manadh a bhí taobh thiar de imeacht na nGael. Má bhí cuspóir na féiníobartha chun tosaigh in intinn na nGaeldeoraithe, níorbh fhada gur fhás an dara cuspóir chun a bheith beagnach ar chomhchéim léi, mar a bhí, cuspóir na hAspalachta. D'fhág ionradh na mbarbarach ar an Impireacht treibheanna págánacha ar fud Iarthar na hEorpa athuair. Bhí an gort aibí chun a bhainte agus má tharla buanaithe ó Éirinn ar an chlaí níorbh fhéidir dóibh ligean don fhómhar úr feochadh de easpa mheithle. Bhí an soiscéal le craobhscaoileadh, an mhóráltacht Chríostaí le daingniú, an scrioptúr le múineadh, léann na Laidine le caomhnú. Agus ar an dóigh sin chuaigh manaigh na hÉireann ar an Mhór-Roinn i gcionn an tsaothair chéanna a bhí ar siúl ag mainistreacha na hÉireann le céad bliain anuas. Thug siad roinnt dá dtréithe náisiúnta don mhisean nua–neamhspleáchas na mainistreach, géire an riail bheatha, cóipeail na scrioptúr. Thug siad dó chomh maith dornán gnásanna deabhóide a chuaigh i bhfeidhm ar an Eaglais i gcoitinne–an fhaoistin phearsanta, úsáid na leabhar píonóis, tine na Cásca. Tá staraithe ar aon intinn faoi thabhacht na nGaeloilithreach seo i gcraobhscaoileadh an chreidimh; ach níl an aontacht chéanna le fáil ina measc faoin ionad a bhí ag na Gaeil i gcúrsaí cultúir agus léinn. Is dócha go ndeachthas thar fóir ar an dá thaobh san am atá thart ag plé chaighdean an léinn a bhí le fáil i mainistreacha na hÉireann agus an tionchair a bhí ag scoláirí ó Éirinn ar athbhunú an léinn ar fud na Mór-Roinne. Bhí an t-am ann agus chonacthas do Zimmer agus Meyer gur in Éirinn a caomhnaíodh traidisiún na gclasaicí tar éis thitim na hImpireachta sa 5ú haois. Bhain lucht molta na nGaelscoláirí barr buaice amach nuair a chuir Benedict Fitzpatrick síos dóibh, ina leabhar Ireland and the Foundations of Europe, gurbh iad na Gaeil a shábháil an cultúr clasaiceach agus a d'fhigh isteach i ngréasán na Críostaíochta den chéad uair é. Bhí sé nádúrtha go leor go spreagfadh a leithéid frithghníomh ina haghaidh féin ach is cosúil go ndeachthas thar fóir sa treo eile freisin le cúpla scór bliain anuas. Rinne Esposito iarraidh a chruthú go raibh na scoláirí Éireannacha ionann's a bheith dall ar an Ghréigis go dtí gur bhain siad talamh na Mór-Roinne amach. Lean Cappuyns a threoir ina leabhar údarásach ar Eriugena agus ba bheag an t-ionad a thug sé don chúlra Éireannach i bhforbairt aigne an ardscoláire úd. Ba mhian le Masai a chruthú gur threise na hiasachtaí ón Oirthear ná ó Éirinn i lámhscríbhinní mar Leabhar Dharú agus Leabhar Lindisfarne. Rinn Smit sáriarracht beagán blianta ó shin lena thaispeáint nách féidir a chruthú ó scribhinní N. Columbán go raibh eolas ar na clasaicí in Éirinn sa 6ú haois. Agus bhi go leor eile ann a chuaigh thar fóir ar an dá thaobh. Ní miste dúinn an Iromania agus an Irophobia seo, mar a thug Duft ar an dá eite, a fhágáil i leataobh agus cloí leis na rudaí a bhfuil fianaise dhobhréagnaithe ar fáil faoina gcoinne. Ní shéanann scoláirí ar bith go raibh eolas domhain ag manaigh na hÉireann ar an Scrioptúr agus gurbh iomaí tráchtas a chum siad ag cur síos ar leabhair éagsúla an Bhíobla. Shíolraigh an dúrud filíochta uathu chomh maith–liricí pearsanta sa Laidin agus sa Ghaeilge nách raibh a leithéidí á scríobh ag aon dream eile den lucht léinn san am. Agus d'fhág siad ina ndiaidh corpus mór scríbhinní faoi ábhair éagsúla: gramadach, féilte na naomh, dinnseanchas, gineál-ólaíocht, tíreolas, taisteal, foclóireacht, ciall na n-uimhreacha etc. Ligfimid do scoláirí na haimsire seo leanúint den argóint faoi chaighdeán an léinn seo, ach úsáidfimid na foinsí mar léiriú ar aigne na manach de réir mar a oireann dúinn. Na Gaelimirceóirí seo ar an Mhór-Roinn, idir naoimh agus scoláirí, níor scar siad lena dtréithe dúchais nuair a d'fhág siad slán ag Éirinn. Bhí oiread dúile acu i gconspóidí thar sáile agus a bhí acu sa bhaile. Má bhí cáil ar a gcráifeacht agus ar a léann, bhí cáil freisin ar na himreasáin a raibh siad páirteach iontu–Columbán in aghaidh ríthe agus easpaig na Fraince, Cillian in aghaidh Geilana, Fearghal in aghaidh Bonafas. Agus sin tréith nár chaill siad go deireadh an bhóthair–chomh déanach leis an 18ú haois dúirt scríbhneoir Francach go raibh na sagairt Éireannacha i bPáras beo ar 'Aifrinn agus argóintí'. Ar chúis éigin ní dheachaigh ealaín na hÉireann i bhfeidhm ar ealaín na Mór-Roinne faoina gceannas agus is beag fianaise atá le fáil in ailtireacht, i ndealbhadóireacht nó i bpéintéireacht na Mór-Roinne idir 600 agus 1200 a thabharfadh le fios gur sheas Gael riamh ar thalamh na Mór-Roinne sa tréimhse sin. Níor thug siad an Ardchros 'Cheilteach' in éineacht leo ná an cloigtheach cruinn. Ar aon ghné amháin den ealaín, agus uirthi sin amháin, a chuaigh siad i dtionchar–maisiú na lámhscríbhinní. Thug siad samplaí in éineacht leo den chuid a b'fhearr de na lámhscríbhinní maisithe a bhí acu sa bhaile. Agus tá na lámhscríbhinní sin agus a gcuid mac-leabhar ar mhórsheoda leabharlanna na hEorpa go dtí an lá inniu. Níor tháinig ach deich lámhscríbhinní níos sine ná an bhliain 1000 A.D. slán ar thalamh na hÉireann; tá níos mó ná caoga lámhscríbhinní Éireannacha ón tréimhse chéanna i leabharlanna na Mór-Roinne. Cá hionadh mar sin, gur ó lámhscríbhinní ar an Mhór-Roinn–i Wurzburg, St Gallen, Milano–a tharraing Johann Kaspar Zeuss agus a lucht leanúna an bunábhar a chuir ar a gcumas gramadach na Sean-Ghaeilge a athchruthú? Agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an Fhrainc chun mainistreacha nua a bhunú inti, ní raibh manaigh na hÉireann, ar bhealach, ach ag díol an chomhair leis an tír a thug an inspioráid do N. Pádraig agus é ag bunú an mhanachais in Éirinn. Ní dócha go raibh teagmháil phearsanta aige le Máirtín Tours–cé go bhfuil sráid bhaile atá baiste ón naomh Éireannach i gceantar Tours go fóill. Ní féidir a chruthú gur ina dheisceabal ag N. Honoratus ar oileán Lerins a chuir sé eolas ar an mhanachas, ach luaitear na hoileáin sin i gceann amháin de na Dicta Patricii i Leabhar Ard Mhacha agus tá cuimhne Phádraig beo ar oileán Lerins go fóill. Maíonn na beathaisnéisí is sine gur chaith sé tréimhse faoi N. Germanus in Auxerre agus feicfimid ar ball go bhfuil muintir Auxerre bródúil as an pháirt a ghlac siad in oiliúint Phádraig. 'Tá a fhios ag Dia', a scríobh sé ina sheanaois, 'cé chomh mór is ba mhian liom dul chun na Gaille le cuairt a thabhairt ar na bráithre agus le bheith ag breathnú ar aghaidh naoimh an Tiarna'. Ní dócha go bhfuair sé a mhian, ach bhain a chlann spioradálta amach í céad bliain tar éis a bháis. Seo chugainn thar dhroichead na n-aoiseanna ceann de na díormaí Gael seo ar a mbealach chun na Mór-Roinne. Tá siad i ndiaidh Beannchar nó Cluain Mac Nois a fhágáil de shiúl na gcos, agus is mar sin a thaistealóidh siad go deireadh an bhóthair. Triúr déag atá ann ar fad, ceannaire agus dosaen deisceabal i gcuimhne ar Chríost agus na hAspail. Tá clóca bán ar gach duine acu, an chorainn bearrtha ó chluas go cluas ar a éadan, bata ina lámh aige, a bhuidéal uisce déanta de leathar ar a chrios, agus a shoiscéal ar crochadh i mála thar a ghualainn. Tugann siad aghaidh i dtús báire ar an Bhreatain Mhór agus trasna na tíre leo go sroicheann siad calafort éigin ar chósta Kent. Richborough, in aice le Sandwich, b'fhéidir–calafort a bhí in úsáid ó aimsir na Romhánach anall. Téann siad ar bord loinge arís agus tugtar aghaidh an tsoithigh ar thuaisceart na Fraince nó ar Fhlondras. Tá go leor áiteanna ar an chósta sin luaite ina gcuid Vitae mar bhailte cuain a thaithigh siad: Quentovic agus Boulogne agus Wissant agus eile. Ansin an chuid dheireanach agus an chuid is measa den turas–an taisteal trí limistéar nách eol dóibh, i measc daoine nách dtuigeann siad, i dtreo ceann scríbe nách léir dóibh. Má tá mainistir éigin ar a n-aigne acu cheana féin, ceanglóidh siad iad féin, b'fhéidir, le scaifte ceannaithe atá ag tabhairt a gcuid earraí chuig aonach Aachen nó Lagny nó Limoges. Má tá siad ag brath talamh úr a bhriseadh, fualaingeoidh siad a ndóthain den ocras agus den ainnise, den tuirse agus den síon, sula bhfaighe siad bronntanas talaimh ó thaoiseach éigin lena mbacán a shá sa deireadh: Nocte dieque gemo quia sum peregrinus et egens. Caoiním d'oíche 's de ló mar níl ionam ach oilithreach bocht. Agus as an fhulaingt agus an taisteal uile a ghinfear ina gcroíthe an fuinneamh iontach sin, an chomhbhá leis an dúlra agus le creatúir bheaga Dé, an mheanma dhobhriste, a chuirfeas sceoin ar a gcomhaimsearaigh. Féach orthu amuigh san fhásach ag guí, nó ag bagairt dhíoltas Dé ar ríthe agus ar phrionsaí, nó ag dul suas an Réin ina gcuid bád anbhann agus amhrán aigeantach ar a mbéal: Féach an choite a gearradh as na coillte ag gluaiseacht leis an sruth Ar Réin an dá adharc, agus í ag snámh mar ongfaí í ar muir: agus déarfaidh an té is lú ba leo gurbh fhearúil an dream iad. Ba dhoiligh a rá
cérbh é an chéad mhanach
ó Éirinn a thug bóthar na Mór-Roinne air
féin. Tá an Bhriotáin, mar shampla, breac le
hainmneacha naomh ó Eirinn–Briac, Fiac, Ciara, Lugh trna,
Maudez, Ninnoc, Rónán (Renan) agus go leor eile–agus
cuirtear roinnt acu chomh fada siar le haimsir Naomh Pádraig
féin. Ní fhéadfadh traidisiún chomh
forleathan sin teacht chun cinn murab é go raibh tionchar
tréan ag misinéirí ó Éirinn ar an
Bhriotáin. Ach is beathaisnéisí
áibhéalacha déanacha na cinn a thugann 'eolas'
dúinn faoi na naoimh féin agus ní féidir
mórán iontaoibhe a chur iontu.
Caithfear an rud céanna a rá faoi bheathaí na naomh Éireannach eile a deirtear a bhí ag obair i gcodanna éagsúla den Eoraip sa 6ú céad: N. Gibrian in aice le Reims (tá sráidbhaile darb ainm St Gibrien ann go fóill), N. Tressan in aice le Reims (cuirtear bunú na heaglaise in Avenay ina leith), N. Fridolin, a bhunaigh mainistir Sackingen ar an Réin, N. Frediano, a bhí ina easpag ar Lucca sa Tuscáin c. 560-588, N. Ursus, patrún Aosta san aois chéanna, agus N. Cathal, easpag Taranto sa 7ú haois. Is cinnte go raibh a leithéidí seo ann mar dhaoine agus is cosúil go mba Éireannaigh a mbunús, ach is gá a bheith iontach faicheallach faoina gcuid beathaisnéisí– ní théann siad níos faide siar de ghnáth ná an llú haois. Murar féidir a bheith cinnte dá bhrí sin cérbh é an chéad naomh Éireannach ar an Mhór-Roinn, is léir cérbh é an chéad mhanach mór agus cé a bhunaigh an traidisiún. Is aisteach go raibh an t-ainm céanna ar an chéad bheirt a threoraigh misinéirí na hÉireann i gcéin –Colm na cille, a bhunaigh miseán na Breataine Móire, agus an Colm beag. a sheol níos faide ó bhaile iad. Ach ní raibh fear na Mór-Roinne beag i gcomparáid lena chomhainmneach ach sa mhéid gur lean sé a lorg. Leanbh de chuid Laighean, dalta de chuid mhanachas na hÉireann ina óige, d'fhág sé a thír dhúchais mar aon le dosaen deisceabal timpeall 590 agus thug aghaidh na loinge soir ó dheas. Chaith sé tamall beag sa Bhreatain Mhór ar an bhealach agus tháinig i dtír ar chósta thuaidh na Fraince. Bhunaigh sé trí mhainistir sa Bhurgainn go gasta i ndiaidh a chéile–Annegray, Luxeuil agus Fontaine. Níorbh fhada go raibh na sluaite ag teacht chuige go Luxeuil, daoine a tháinig faoi dhraíocht a phearsantachta láidre féin nó a d'éirigh geallmhar ar an riail bheatha a leag sé amach dóibh. Ansin d'fhill cuid acu ar a gceantair dhúchais agus thug siad in éineacht leo blúirín éigin de spiorad agus de riail bheatha Luxeuil. Ní raibh glúin amháin imithe go raibh tionchar Luxeuil le mothú i ngach cearn den Fhrainc agus i bhFlondras féin. Bhí mainistreacha nua a mbunú ag manaigh Fhrancacha a oileadh i Luxeuil, agus bhí cuid de na seanmhainistreacha ag cur athchóiriú orthu féin, ag iarraidh féiníobairt agus pionós na rialach nua a shnaidhmeadh leis an chóras eile a tháinig anuas chucu ó aimsir Mháirtín Tours. Faoi dheireadh shroich sé an Réin i gcomharsanacht Mainz. Lean sé bealach na n-abhann agus na loch feasta–suas an Réin, isteach san Aar agus sa Limmat, thart timpeall ar Loch Zurich agus Loch Constance agus ar aghaidh go Bregenz sa chúinne thoir den loch. Chaith sé tamall sa cheantar sin, atá ar theorainn na hEilvéise agus na hOstaire agus na Gearmáine inniú; ansin thug a aghaidh ó dheas ag tarraingt ar an Iodáil. Ní raibh fonn ar Ghall, duine den dáréag a d'fhág Éire in éineacht leis, dul ar thuras eile agus d'iarr sé cead ar a mháistir fanacht san áit a raibh sé agus leanúint ar aghaidh ag craobhscaoileadh an tsoiscéil ar bhruach Loch Constance. Rud nach bhfuair sé, mar bhí eagla ar Cholumbán gurbh í an leisce roimh an turas a thug ar Ghall an cead a iarraidh. Ach d'fhan Gall, agus d'imigh Columbán agus a chomplacht ina éagmais. Trasna na nAlp agus síos trí mhachairí na Lombáirde leis, gur bhunaigh sé a eaglais dheireanach i mBobbio. Is ann a d'éag sé ar an 23 Samhain 615. Bhí turas déanta aige ab fhiú a chur ar aon chéim le haistir mhóra na staire, le anabasis Xenophon, le taisteal Marco Polo chun na Síne, le marcaíocht Tschiffely thar na hAndes, le turasanna Stanley agus Livingstone san Afraic. Ach bhí rud níos mó ná sin déanta aige. Bhí ré nua oscailte aige i stair na hÉireann agus i stair na Mór-Roinne. I stair na hÉireann, mar ba cheannródaí é i measc na nGaelnaomh a d'imigh thar sáile. I stair na Mór-Roinne, mar ba as a shaothar a shíolraigh cuid de na tréithe ba láidre i manachas na Fraince, agus ba as an mhanachas céanna a gineadh cultúr Críostaí na hEorpa. Go dtí sin ba bheag den obair thréadach a dhéanadh manaigh na Fraince i measc na dtuataí, agus is sna bailte móra amháin a bhí na mainistreacha le fáil. Columbán agus a chuid deisceabal a cheangail an mhisinéireacht leis an mhanachas, agus a chuir tús le bunú na mainistreacha faoin tuath, ar thalamh a bhronn an uasalaicme orthu, sa dóigh go bhféadfadh siad leas a bhaint as an talmhaíocht mar shlí bheatha. 'Dá mhéad solas a ligtear isteach ar dhorchadas na meanaoise', a scríobh an Pápa Pius XI i 1923, 'is ea is soiléire a éiríonn sé go bhfuil athbhreith na heagnaíochta agus na sibhialtachta Críostaí i gcodanna éagsúla den Fhrainc, den Ghearmáin agus den Iodáil le cur i leith shaothar agus dúthracht Cholumbán'. Nasc idir náisiúin éagsúla a bhí sa naomh de bharr a shaothair agus a thaistil; is dócha gur ar an ábhar sin a dúirt Robert Schumann faoi, dornán blianta ó shin: 'Is é Columbán naomhphatrún na ndaoine go léir atá ag iarraidh an Eoraip aontaithe a thógáil'. An t-údar: Tá mórán scríofa aige ar chúrsaí staire, ailt a bhfuil toirt iontu. Tá scríofa go domhain aige ar ár naoimh féin agus leabhar taitneamhach aige ar Naomh Columbán. Scríobh sé Beatha Naomh Oilbhéar Pluincéid i nGaeilge agus i mBéarla. Tá filíocht scríofa aige agus comheagarthóireacht déanta aige ar shaothar fileata ó Chúige Uladh agus ar leagan Nua-Ghaeilge de Theitheadh na nlarlaí Thaidhg Uí Chianáin, maidir le notaí luachmhara staire. Is maith a thuigeann sé agus a léiríonn sé mórthabhacht na Gaeilge agus na haigne Gaelaí i ndaingniú ár gcreideamh, ár ndúchais agus ár ndaonnachta in Éirinn. Ní beag de theist ar an tuiscint sin a thuras ar fud Ghaeltacht na hÉireann, an saothar a chaith sé le Glór na nGael - agus an leabhar seo. |
|
Author: Tomás Ó Fiaich was a professor of history at St Patrick's College, Maynooth before being appointed archbishop of Armagh and primate of all-Ireland. He died in 1990. | |
Source: Gaelscrínte san Eoraip by An Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, published by Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Baile Átha Cliath, 1986. | |
Click here to Subscribe! | Feel
free to send our web
address, and the password for this
issue, to a friend. Encourage them to subscribe! Click here! |
A subscription is 10.00 euros or US$13.00 for 4 issues. If using another currency please pay the equivalent. PayPal is an easy way to pay online, or you can send a cheque or credit card details by post. We will accept cheques in any currency, but cannot accept bank drafts. | |
The AISLING
Magazine, 'An
Charraig',
Mainistir, Inis Mór, Aran Islands, County Galway, Éire Phone: + 353-(0)99-61245 - Fax: + 353-(0)99-61981 - E-mail: info@aislingmagazine.com |