As Gaeilge Previous - Next

Contents
 

Féile na Bealtaine

A description of the May festival as it is celebrated in Catholic Ireland on the Dingle Peninsula.

By Padraig O Fiannachta
Tásé an-cheart go ndéanfadh muintir na Gaeilge ceiliúradh ar Fhéile na Bealtaine. Titfidh oíche dhraíochtúil na Bealtaine i lár na féile seo. Baineann Bealtaine le féilire ársa na hÉireann. Bhí an bhliain roinnte ina dhá cuid - ó Shamhain go Bealtaine an geimhreadh, agus ó Bhealtaine go Samhain an samhradh agus an fómhar. B'iad Imbolg agus Lúnasa an dá fhéile mhóra eile, Imbolg ag tús an earraigh nuair a bhí an síol le cur agus Lúnasa nuair a thosaigh an fómhar mór.

Faoi mar a tharlaíonn i gcónaí, féilte móra creidimh ab ea na féiltí seo agus deintí iad a chomóradh le gnása agus nósa iomadúla, tinte cnámh go minic i gcás na hÉireann, go háirithe i gcás na Bealtaine agus Lúnasa. Mar ba chuí don Eaglais, thug sí aird ar nósa seo na ndaoine agus chuir sí toise na Críostaíochta leis na seanghnása sin in Éirinn; ceiliúrann sí torthúlacht na Maighdine a rug Íosa mar mháthair sa Bhealtaine. Ba é féile na torthúlachta é ag daoine.

Ceiliúrann sí Féile Eoin Baiste nó Cruach Phádraig faoi mar a cheiliúrann na daoine fós Aonach an Phoic agus Domhnach Crom Dubh timpeall Lá Lúnasa. Ceiliúrann sí fómhar naomh agus marbh na bhflaitheas um Shamhain ag dúnadh na bliana. Agus chuir sí Bríd bé bhithbhuan mar mhaise ar thús an earraigh, nó; Imbolg. Tá dhá dháta do chuid de na féiltí, mar is eol daoibh; nuair a baineadh deich lá den fhéilire cúpla céad bliain ó shin, athraíodh Aonach an Phoic go dtí an t-aonú lá déag, agus coimeádadh sean-Lá Bealtaine ar an 11ú lá den mhí, agus tugtar air sin lá buí Bealtaine mar go mbíonn an t-eileastram faoi bhláth sna portaigh - an wild iris.

Bhíodh tine chnámh, dhá thine, mar chuid de cheiliúradh na Bealtaine. Léimeadh lánúna óga thar an tine, thíomántaí na ba thairsti leis ar uairibh; thugtaí biorgadáin nó sméaroidí den tine abhaile leis an buaile agus an macha a bheannú. Tá an nath ann fós a bheith idir dhá thine Bhealtaine.

Bhí piseoga gránna ann leis agus daoine ag iarraidh an t-ádh nó an t-im a ghoid óna chéile. Bhí nósa deasa ann áfach. Chreideadh na cailíní go raibh de bhua ag drúcht Lá Bealtaine go ndeanfadh sé snó agus maise a chur ar t'aghaidh.

Sa Chathair, nó i gCathair Crobh Dearg, faoi bhun Dhá Chích Dhanann, a bhíodh an fhéile mhór i gCiarraí. Bhí sé cosúil le hAonach an Phoic, ach is iad na feirmeoirí a thagadh ann lena stoc go bhfaighidís beannacht. Bhíodh tents agus ceol agus rince ann go dtí tús an chogaidh. Arís cuireadh cló Críostaí air agus bíonn turas ann in onóir na Maighdine Muire anois, agus beannaítear na ba le huisce an tobair bheannaithe. An uair dheireanach a chuas féin ann bhuaileas le feirmeoir ó Mhaigh Chromtha agus é ag teacht ag triall ar an uisce beannaithe mar go raibh galar éigin ar na ba nach bhféadfadh an vet a leigheas.

D'fhéadfainn a bheith ag caint libh go maidin mar sin ar an bhféile seo i ndúchas ár muintire. Tá sí á ceiliúradh go fónta an uair seo sa Daingean. Táim tar éis teacht ó Bhaile na Buaile anois ó na stáisiúin. Is ar Lá Bealtaine a thosaíodh biaiste an bhuaile; thiomántaí na ba agus an stoc ó sheanláthair suas go dtí na sléibhte agus d'imíodh an chlann leo don samhradh le féaránach a bheith ag an stoc ar na sléibhte fad a bhí féar don gheimhreadh ag fás timpeall an tseantí. Ní bhacadh na feirmeoirí le féar ná sílas an uair úd. Is sa bhuaile a dheintí im agus cáis na bliana. Ba chóir daoibh séasúr na turasóireachta a cheangal leis an sean-nós sin, séasúr ó Bhealtaine go Samhain.

Bhí sé de nós leis an samhradh, bláthanna agus craobhachaúra a thabhairt chun an tí ar an lá seo. Tá an t-amhrán ar eolas agaibh, "Thugamar féin an Samhradh linn!" Tá mórhsiúl Mhuire, leanaí ag tabhairt flowers of the rarest go Muire, ceangailte leis an nós seo. Ó Shasana a tháinig nósan Maypole, rince timpeall ar phola maisithe le bláthanna, ach bhí sé forleathan i gCiarraí agus i gCorcaigh.

Théadh daoine timpeall na sráideanna le Maypole agus bhíodh rince acu os comhair na dtithe mar a bhíonn lá an dreoilín.
  Foclóir
Óche dhraíochtiil - magic night
tinte cnámh - bonfires
torthúlacht - fecundity
Aonach an Phoic - Puck Fai
an buaile agus an macha - the field and the meadow
piseoga - superstitions
drúcht Lá Bealtaine - the May Day dew
na ba - the cattle
  Pádraig Ó Fiannachta is perhaps the best known Gaelic scholar in Ireland. Having spent most of his life as a professor in St Patrick's College, Maynooth, he is now Parish Priest in Dingle, Co. Kerry.

Taken from An Sagart, Earrach 1996, Teach an Sagart, An Daingean, Co. Ciarraí. Le buíochais - Eag.

Previous - Next

Contents