w
As Gaeilge Previous - Next

Contents
 

Ár bPaidreacha Féin

By Diarmuid Ó Laoghaire, S.J.  
  Má éist sibh riamh le RTÉ is cinnte gur chuala sibh am go chéile an bolscaire Gaeilge ag rá, "Go mbeannaí Dia dhaoibh", nó "Bail ó Dhia oraibh" nó "Go gcumhdaí Dia sibh". Beannachtaí iad siúd, nó más maith leat, paidreacha. Ní chloistear a leithéid i mBéarla ó RTÉ. Mar sin, faoi mar is léir, tá oidhreacht éigin i nGaeilge nach bhfuil i mBéarla againn, agus oidhreacht bheo. Má éisteann sibh le Raidió na Gaeltachta cloisfidh sibh sa ghnáthchaint i bhfad níos mó de na beannachtaí sin agus Dia á lua go minic, agus go fíorannamh, is dóigh liom, mar eascaine.

Caithfimid a thuiscint gurbh aon tír amháin, beagnach, Éire Ghaelach agus Alba Ghaelach. Na paidreacha dúchais, agus ba líonmhar iad, is a bhfoirm filíochta a bhí a bhformhór mór, agus thángadar anuas ó bhéal go béal.

Paidreacha bhéal

Ní nach ionadh, an phaidir a théann ó bhéal go béal tagann athrú uirthi agus truailliú, b'fhéidir. As sin, fiú amháin, d'fhéadfadh paidir nua ar fad teacht. Tréith eile de thréithe na bpaidreacha seo go n-athraíonn siad, go mór mór, paidreacha na hÉireann, ón iolra go dtí an t-uatha agus a mhalairt, mar is minicí. Déarfainn gur paidreacha comhair an chuid is mó de na paidreacha. Is cuma cárbh as dóibh, is leis an tuataí na paidreacha seo. Ní beag dúinn cuimhneamh ar ócáidí cuid acu: an chlann ag dúiseacht agus ag éirí ar maidin agus ag dul a chodladh istoíche, an t-altú roimh agus tra éis bia, ag dul go dtí an tAifreann, ag lasadh agus ag múchadh an tsolais, ag cur an linbh a chodladh, ag lasadh na tine, ag déanamh aráin, paidreacha ar son athar agus máthar, mórán paidreacha istoíche thart ar an bPaidrín Páirteach, paidreacha ar son báis shona srl.

Dia mar Ard-Rí

Tá sinsireacht fhada le cuid de na paidreacha. Tá blas na salm orthu agus nuair a chloisimid "Ardrí" á thabhairt ar Dhia nó Críost tuigimid gur le guth ár seansinsear a bhímid ag éisteacht. Tá paidreacha dá sórt in Albain, rud a dheimhníonn a n-aois, mar nach raibh riamh ardrí in Albain. Níl ainm is coitianta inár bpaidreachta do Dhia nó Críost ná "Rí", ach cuimhnímis gur focal muintearais agus ómóis an focal sin sa Ghaeilge, mar gur dhuine idir na daoine sa tseantuath ba ea an rí, d'ainneoin a ghradaim, agus gaol aige le cuid mhaith de mhuintir a ríochta, an tuath bheag. Cuimhnímis ar theidil mar seo inár bpaidreacha agus i ngnáthchomhrá idir daoine: "A Rí na Glóire, na bhFeart, na nAingeal, na féile, na mbua, na ngrás, an Domhnaigh, na hAoine" srl.

Muintearas

Ó luaigh mé an muintearas caithfidh mé a rá gur tréith bhuan é i gcráifeacht ár muintire, ó thosach go dtí ár linn féin. Má tá Dia ina Rí na Glóire agus na mórgachta tá sé freisin inár gcroí istigh agus tháinig sé anuas inár measc ina leanbh tréith mar mhaicín bocht ag máthair bhocht. Fadó labhair an file le Dia Athair féin, "A Chroidheagáin," a dúirt sé leis, is é sin: "A Chroí bhig, a Chroí istigh". Is cuid de dhúchas na Gaeilge, dár ndúchas féin, an muintearas seo. Cuimhnímis ar chuid de na focail a thaispeánann é, focail a thug na daoine isteach sa Bhéarla leo, mar tá a leithéidí in easnamh ar an mBéarla. Tá mothú agus ceanúlacht sna focail sin, agus daonnacht, mar gur ón gcroí a thagann siad: "A ghrá ghil, a rún, a stór, a thaisce, a chuid 'en tsaol, a chara chroí, a chroí istigh, a mhuirnín, a chara na gcarad, a chara na páirte, a chara na n-ae, chara na n-árann, a chara liom, a chara go deo, a chumann, a mhaoineach, a lao liom, a dheartháirín ó, a dheirfiúirín ó, a mháithrín ó, mo ghraidhn thú." Mar a chéile i gcúrsaí bróin: "A Mhuire is trua, och mo mhairg, ochón, mo chreach, mo léan, mo sceimhle, mo chrá, mo bhrón, a chráiteacht, mo chumha, faraor géar cráite". Ní hiontas go ndeirtear gur breá an teanga an Ghaeilge chun guí is grá a dhéanamh inti. Cúis nach beag leis an nGaeilge a chur chun cinn.!

Daonnacht

Tá mórchuid paidreacha ann agus an daonnacht go tréan iontu in onóir do Mhuire, agus í ar ndóigh go dlúth i dteannta a Mic. Cuid acu, mar shampla, sóláis agus dóláis na Maighdine go beo fós, bíodh gur ón Meánaois iad. Tá a fhios againn go léir, ní foláir, Caoineadh na dTrí Muire mar phaidir agus go háirithe mar iomann. Tá sé lán de mhothú diaga. Cad é seo mar radharc as:

Is mithid dom, arsan Mhaidhdean, dul ag fiosrú mo Ghrá geal,
Och, ochón agus ochón ó!
Do bhí a ceann scaoilte is a cóta gan náda.
Och, ochón agus ochón ó!
Is í ag bailiú a chuid fola os cionn an fhásaigh.
Och, ochón agus ochón ó!
Do léim sí isteach is amach thar gharda.
Och, ochón agus ochón ó!

Tá a seacht n-oiread eile san amhrán ab fhiú a thabhairt. Féach mar a labhraíonn Muire ann ar a "Leanbh", mar nach leanbh i gcónaí an mac ag a mháthair?

Ag éirí ar maidin

Ag éirí ar maidin: "An Té a thug saor ón oíche sinn go dtuga sé saor sábháilte ón lá sinn, le toil Íosa Críost agus na Maighdine Muire, sinn féin agus a bhfuil againn istigh agus amuigh, thall agus abhus i ngach aon áit ina bhfuil siad. Tabhair saor sábháilte sinn agus a bhfuil againn idir dhuine gus beithíoch."

"Iarraim ar Dhia agus ar an Maighdean Muire sinn féin agus áir leanaí go léir agus gach aon atá ag dul ar strae a chur ar a leas agus ar staid na ngrás agus ar shlí na fírinne, i ngrá Dé agus na gcomharsan." Paidir sháréiciúméineach!

An chomharsa

Tagaimid go nádúrtha anois go dtí an chomharsa. Chuala sibh anois beag an abairt "i ngrá Dé agus na gcomharsan". Anallód agus anuas go dtí inniu bhí an abairt ann. I dtosach rialacha na seanmhanach i Riail N. Columbán, cuirim i gcás, bhí an ráiteas sin cibé acu i nGaeilge nó i Laidin mar éirim na rialacha go léir, Dilectio Dei et proximi. Seo ceann de na paidreacha fiala, altú roimh bhia ónár n-aimsir féin. Cuireann sé i gcuimhne dúinne an abairt a luaitear le Colm Cille: "Mír ded' chuid don ocrach, is é Dia a d'ordaigh":

Beannaigh, a Thiarna, an bia seo atáimid chun a chaitheamh, ag iarraidh ort, a Dhia, é a dhul chun maitheasa dúinn idir anam agus chorp, agus má tá aon chréatur bocht ag gabháil an bóthar a bhfuil ocras nó tart air, go seola Dia isteach chugainn é chun go mb'fhéidir linn an bia a roinnt leis mar a roinneann sé na suáilcí linn go léir.

Bás

Arís feicimid an meon leathan aspalda. Agus tá Éire agus Alba ar aon fhocal ar lorg "bás le hola agus aithrí", abairt atá coitianta inár sean-annála. Seo cuid de phaidir ó Albain:

Bás ol' agus aithreachais,
bás sonais agus síth;
bás gráis agus mathanais,
bás Flathas agus beatha
le Críosd.

Na haingil agus na naoimh

Is comhartha seandachta inár bpaidreacha glaoch ar Mhicheál Ardaingeal, Eoin Baiste, na haspail, Pádraig, Bríd, Colm Cille agus naoimh eile ó Éirinn agus ó Albain, agus na haingil i gcoitinne. Bhí Micheál Ardaingeal riamh faoi ardonóir agus tá iomainn i Laidin agus i nGaeilge dó ón tseanaimsir agus mórchuid ábhair eile. Ba é "Maor an Anama" é, ag treorú an anama isteach sa tsíoraíocht, ag freagairt don Laidin dux animae agus sa liotúirge signifer sanctus Michael. Tá sé le feiceáil ar chros Mhuireadhaigh i Mainistir Bhuithe ag meá na n-anamacha Lá an Bhrátha.

Rian an scrioptúir

Tá rian an scrioptúir ar roinnt mhaith de na paidreacha. Seo ceann álainn nuair a dhúiseofá i rith na hoíche agus macalla ann, dá laghad é, ó shalm, ó Leabhar na hEagna agus céad Litir N. Peadar:

Bí trócaireach liom, a Thiarna, agus beir saor mé
ó dhorchadas agus ó scáil an bháis.
Glaoigh isteach i do sholas glórmhar mé.
Soilsigh mo dhorchadas,
a Lonradh an tsolais shíoraí,
a Lá nach feas dó tráthnóna.

Tréith eile scrioptúrtha, mar a déarfá, eachtra ón Soiscéal a dhéanamh beo láithreach. Paidir í seo, dála an scéil, a bhí i mBéarla Shasana, focal ar fhocal, roimh an Athrú Creidimh, rud a chuireann i gcuimhne dúinn nach in Éirinn amháin a chleachtaí roinnt mhaith de na paidreacha a mhaireann fós againne, ach gur cuid d'oidhreacht na hEorpa féin iad, gan trácht ar aon áit eile ar domhan. Bhídís le cloisteáil sna tíortha Lochlannacha agus Gearmánacha srl. Seo í an phaidir, más ea:

A Íosa a Mhic Dé, a bhí ciúin os comhair Pioláit, ná lig dúinn ár dteanga a luascadh gan smaoineamh ar cad tá againn le rá agus conas é a rá.

Nár mhaith an chomhairle é sin! Seo cúpla paidir mhacallach eile:

In ainm Dé a rinne cosán de na tonnta, go dtuga sé slán abhaile sinn i ndeireadh an lae.

Agus arís, ag dul amach duit:

Leanfad thú, a Thiarna, pé áit dá ngeobhair, de bhrí gur agatsa atá briathra na beatha síoraí.

Agus aithrí:

A Dhia a rinne fíon de uisce,
cér mhiste a dhéanamh arís?
Tabhair domsa fíon na haithrí ionas go silfear na peacaí díom.
Nach bhfuair fear a haon déag
pá an lae mar fhear a trí?
Is minic a bhí cú mhall sona,
tá féile is trócaire i mo Rí.


Agus altú bia fíorsheanda a bhí coitianta uair ar fud na hEorpa:

Bail na gcúig arán agus an dá iasc

a roinn Dia ar an gcúig mhíle fear.

Rath ón Rí a rinne an roinn go dtige ar ár gcuid agus ar ár gcomhroinn.

Buíochas le Dia, ó tháinig an tAifreann i nGaeilge go bhfuil taithí anois againn agus le canadh féin ar chuid de na seoda: Lúireach Phádraig, A Mhuire na nGrás, Ag Críost an Síol, srl.

Focail Scor

Maidir leis na paidreacha féin, tá siad simplí uasal, togha na Gaeilge agus ceart an chreidimh iontu. Ní fearr riamh a tugadh a dtuairisc ná sna focail a scríobh Pádraig Ó Cadhla sna Déise ar no paidreacha comhair istoíche: "Focail bhreátha bheannaithe a bhíodh acu iontu agus dhéanaidís iad a aithris leis an bhfíorumhlaíocht cheart; d'ardaídís iad féin agus na daoine a bhíodh ag éisteacht leo idir chorp agus anam suas go doirse na bhFlaitheas".

Deirtear uaireanta nach ceart a bheith ag breathnú siar, nach féidir an saol a bhí ann nuair a cumadh na paidreacha seo a thabhairt ar ais, saol simplí na tuaithe. Dá ngéillfí don ráiméis sin, ar ndóigh, dhíbreofaí an Soiscéal agus a bhfuil ann ó Bheithil amach. Níl ceangal ag am ná aois ar an spiorad, agus oireann na paidreacha seo do gach aois agus do gach áit agus go háirithe don tír seo agus don aois seo. Gan trácht ar an dualgas caoin a bheadh orainn iad a chaomhnú mar chuid d'oidhreacht na hEorpa. Más tábhachtach le muintir na hEorpa ár bportaigh ba chóir go mba sheacht dtábhachtaí leo an oidhreacht seo a nochtann spiorad ársa agus nua na hEorpa.

Sonas is séan Dé orainn agus dearmad fada ón éag orainn!

Foclóir:

Oidhreacht = heritage

Mothú = feeling

Ceannúlacht = affection

Daonnacht = humanity

Rian = mark, trace

Dualgas = responsibility

ár bportaigh = our bogs
  Diarmuid Ó Laoghaire is a Jesuit priest living in Dublin. His writings include Ár bPaidreacha Dúchais, a collection of traditional prayers gathered from rural Ireland.

Edited version. First published in Anois. Full version available in An Sagart, Geimhreadh 1995, Tigh na Sagart, An Daingean, Co. Ciarraí.
  Previous - Next

Contents