Previous - Next Contents |
|
Toibreacha Beannaithe i gCeantar Chorr na Móna This is a folklorists account of some holy wells, a penitential station and a cursing stone in the vicinity of Cornamona (Joyce country) in Connemara, County Galway. He recounts the stories connected with these places and the practices of the people around them. |
|
By Pádraig Ó Ceallaigh | |
|
Nuair a théann misinéirí go tíortha eile leis an gCríostaíocht a bhunadh cuireann siad eolas ar na daoine, a gcultúr agus a dteanga agus is iondúil go gcothaíonn siad eolas agus dílseacht i measc Críostaithe ar na dea-rudaí ina gcultúr féin. Sin é a rinne Naomh Pádraig agus na chéad Chríostaithe a tháinig go hÉirinn. Fiú rudaí a bhain leis an bpagántacht, d'athraigh siad an bhrí a bhain leis an bpagántacht, d'athraigh siad an bhrí a bhain leo agus ainmníodh na toibreacha páganacha i ndiaidh na Naoimh a bhain leis an áit ina rabhadar. Tobar Éinne Tá an tobar seo gar don bhóthar a théann ó Na Cloigim go Druim Snámha. Tá sé ag íochtar garraí atá ar thaobh na láimhe deise den bhóthar idir tigh Dhroighneáin agus tí na mBéarthaí. Déantí an turas go dtí an tobar seo i mí Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair. Ar ndóigh, is féidir an turas a dhéanamh i gcónaí. Deirtí seacht 'Ár nAthair', seacht 'Sé do Bheatha' agus seacht 'Glóir don Athair' le linn a bheith ag seasamh cosnochta ag an tobar. D'fhágadh chuile dhuine a théadh ar thuras rud éigint ina dhiaidh ag an tobar, ar nós píosa airgid. Chuimlítí uisce ón tobar ar shúile tinne. Bhí sé curtha i leith na bProtastúnaigh a bhí timpeall na háite tráth go ngoididís aon rud luachmhar a d'fhágtí ag an tobar. Is cosúil go raibh tobar beannaí eile an-ghar don tobar seo. Tobar Feichín a tugtar air. Bhíodh sé curtha i leith na bProtastúnaigh freisin gurb iad a dhún é nuair a líon siad suas le clocha agus le créafóg é. Tobar Bhreandáin Tá tobar Bhreandáin i mBaile Úí Mhiadháin in aice le sruthán a thagann anuas le fánaí ó Bhinn Léibhe. Tá sé ráite go ndeachaigh Naomh Breandán i bhfolach i dtom coille a bhí san áit a bhfuil an tobar. Bhí sé ag éalú óna draoithe a bhí ag iarraidh dochar a dhéanamh do. Tá eas beag freisin i ngar don tobar. Déantaí an turas ón 14ú Lúnasa go dtí an 8ú Meán Fómhair. Bhíodh fiú daoine a dhéanfadh cúig thuras déag gach bliain. Deirtí seacht Ár nAthair, seacht Sé Do Bheatha agus seacht nGlóir don Athair ag sceach atá gar don tobar. Deirtí na paidreacha céanna arís ag siúl thart ar an tobar. Ansin deirtí trí Ár nAthair, trí Sé do Bheatha agus trí Ghlóir don Athair ar na glúine ag an tobar. Bhlaistí an t-uisce freisin. Fadó théadh sluaite móra ar thuras go Tobar Bhreandáin. Ní raibh ól nó troid choíche curtha i leith na háite. Nuair a bhíodh an turas déanta théadh daoine a bhíodh leonta ag an eas atá gar dó, agus chuirtí an pháirt den cholainn a bhí leonta isteach san eas. Tobar Feichín Tá Tobar Feichín agus tobar eile a dtugtar Tobar Mhuire air i mbaile ar a dtugtar Baile an Tobair air. Tá sé bordáil is míle ó Chorr na Móna agus tá sé le hais an bhóthair a théann ó Thír an Fhia go Dúchta. B'shin é freisin an seanbhóthar a théadh ó Chunga don Mhám fadó. Dhéantaí an turas agus déantar fós é ag an tobar seo ón 15ú Lúnasa go dtí an 8ú Meán Fómhair. Leis an turas seo a dhéanamh ní mór trí chuairt a dhéanamh ar an tobar agus gach cuairt acu seo a bheith ar lá difriúil idir an dá Fhéil Muire. S'iad na paidreacha atá leagtha síos le haghaidh an turais ná seacht Ár nAthair, seacht Sé do Bheatha agus Cré na nAspal uair amháin. Téann an duine ar a ghlúine ag gach aon tobar fhad is a bhíonn sé ag rá na bpaidreacha. Ansin téitear thart ar na toibreacha seacht n-uaire ag rá an Ár nAthair, an Sé do Bheatha agus Glóir don Athair gach uair. Ina dhiaidh deirtear seacht Ár nAthair, seacht Sé do Bheatha agus aon Ghlóir amháin os comhair gach tobar. Ansin castar thart trí huaire agus téitear ar a nglúine ag deireadh gach casadh. Tá beagán ó thaobh Chorr na Móna den pharóiste a dhéanann an turas i gcónaí. Bhíodh Patrún i ngar don Tobar fadó ar an 15ú Lúnasa gach bliain. Bhíodh bia agus deoch le fáil ag cabán a bhí ann la haghaidh na hócáide. Chuirtí poitín ar fáil freisin. Is minic faraor a tharraingíodh an t-ól an t-achrann. Tá sé ráite go ligfeadh páirtí amháin clocha móra anuas ar an bpáirtí eile óna scailpreacha atá taobh thuas den tobar. Bhí troid mhillteanach amháin ann agus is cosúil gur maraíodh cúpla duine ann. Ar ordú ón sagart a bhí san áit ag an am athraíodh an Patrún go dtí An Líonán tar éis an ama sin. Tobar Feichín - Gleann Tréig Tá Tobar Feichín eile i nGleann Tréig agus déantar an turas ansin freisin idir an dá Fhéile Muire 15ú Lúnasa agus an 8ú Meán Fómhair. Ula Phádraig (Ulcha Phádraig) Is cosúil go raibh baint ag Ula Phádraig le haithrí agus croíbhrú. Tá sé ar bhruach Loch Measca, lámh le Ceapach na gCapall (Petersburgh House). Tógáil cloch atá ann atá fiche slat cearnach. Tá balla ag dul thart air. Bhíodh bealach isteach ar an taobh thiar san bhalla seo. Níl fanta anois ann ach roinnt de dhá bhothán atá ar dhéanamh crú capaill. Tá leach mhór mar urlár ar cheann de na botháin seo. Tá rian nó lorg ghlúine Naomh Pádraic ar an leac seo. Seans gur thóg Naomh Pádraic Teach Pobail beag anseo mar sé an t-aimn atá ar an áit ná Baile 'n Domhnach. Déantar turas anseo freisin idir an dá Fhéile Muire. Téann an duine atá ag déanamh an turais thart taobh amuigh seacht n-uaire ag rá Ár nAthair, Sé do Bheatha agus An Ghlóir seacht n-uaire agus ansin deanann sé nó sí an rud céanna arís ag dul thart taobh istigh. Tar éis seo téann duine ar a ghlúine ar Leach Phádraig agus deireann sé an Ár nAthair, Sé do Bheatha agus An Ghlóir trí huaire. Sa bhliain 1825 thóg na Loingsigh a bhain le Teach Petersburg leac cloch aoil ann. Tá comhartha na croise gearrtha isteach sa leac. Tá sé sa tseanchas gur chaith Naomh Pádraig oíche amháin san áit. Leac Feichín Is dóiche gurbh í seo an leac chéanna ar a nglaoitear leic Éinne agus b'fhéidir gur tugadh sin uirthi do bharr go mba in aice le tobar Éinne a bhí sé ar deireadh. Tugtar tobar an Dúna ar thobar Éinne freisin. Is cosúil gur bhain an leac i dtosach le Tobar Feichín i mBaile an Tobair. Déantaí 'an leac a iompó' ar dhaoine. Bhí faitíos millteanach roimh an leac chéanna, go mór mór ag daoine a bhíodh ag déanamh rudaí as an mbealach agus go bhféadfaí coireanna a chur ina leith. Duine ar bith go raibh coir curtha ina leith nó fiú go raibh amhras faoi d'fhéadfaí a dhúshlán a thabhairt an leac a iompú nó rachadh sé agus d'iompódh sé an leac dá thoil féin. Bhí nósanna áirithe ag dul leis agus rudaí áirithe le rá freisin. Mar shampla dá dteastódh ó dhuine mallacht a chur ar dhuine eile dhéanfadh troscadh le haghaidh roinnt laethanta. Nuair a bhíodh sin déanta aige déarfadh sé an Ár nAthair agus An Chré contráilte ag tosú ag a ndeireadh agus ag dul suas go dtí a dtosach. Deirtí ar an mbealach sin é in omós don Diabhal agus ansin chuirtí gach míle mallacht ar an té a bhí ciontach, nó go raibh an choir curtha ina leith. Dá mba é an duine é féin a rachadh ag an leac agus go raibh éagóir curtha ina leith ghloafadh sé gach mallacht anuas air féin le taispeáint go raibh sé neamh-choiontach. Tar éis sin d'iompófaí an leac bun os cionn. An té a bheadh san éagóir nó go raibh rud as bealach déanta aige thiocfadh mí-ádh éigin air taobh istigh de bhliain ón lá sin. Chaillfí é féin nó b'fhéidir duine éigin dá mhuintir, nó mura dtarlódh sin, d'fhéadfadh rud éigin tarlú dá chuid stoc, nó b'fhéidir go dtiocfadh dúchan ar na fataí nó go rachadh an scioból trí thine. Bheadh mí-ádh éigin dearfach in ann dóibh. D'fheadfaí úsáid a bhaint as an leac freisin le haghaidh drochaimsir a tharraingt. Sé an seanchas a bhain leis an leac nó go mba í leac altóra Naomh Feichín í tráth ar mhair an Naomh. Sa mbliain 1860 chroch fear de na Buitléaraigh as Na Cloigim leis an leac agus chuir sé i bhfolach í. Níor fhacthas ó shin í. Seo scéal a bhfuil baint aige leis an leac. Bhí fear ina chónaí i nDúiche Sheoigheach thart ar an mbliain 1820 go dtugtaí Pádraic na mBan air. Bhí go leor beithigh agus caoirigh aige agus chomh maith leis sin bhí go leor mná aige. Bhí cónaí air na mná seo i mbotháin nó i gcábáin a bhí tógtha aige thart ar a shráid féin. Cuireadh coir éigin ina leith agus le taispeáint go raibh sé neamh-chiontach dúirt sé leis féin go rachadh sé i gcabhair ar leac Feichín. Bhí fear ann go raibh cúram na leice air agus sé an t-aimn a bhí ar an bhfear seo a bhí ann ag an am sin ná Donnchadh na Leice. Bhí eolas easarlaíocht na leice aigesan agus thabharfadh sé an t-eolas seo uaidh ar an oiread seo airgid. Tá sé ráite go raibh tóir aige ar an ól agus gur air a chaitheadh sé brabach ar bith a dhéanfadh sé. D'fhéadfadh Donnchadh é féin an easarlaíocht a dhéanamh ar son duine eile. Shocraigh Pádraic na mBan le Donnchadh go bhféadfadh seisean an easarlaíocht a dhéanamh dó ar leathchoróin (2s/6p). Nuair a bhí a chuid féin den mhargadh déanta ag Donnchadh d'iarr sé an leathchoróin ar Phádraig, ach má d'iarr d'eitigh Pádraig é. Tharla casmairt eatarthu nó gur éirigh le Donnchadh greim a fháil ar charabhat Phádraig agus thosaigh dá fháisceadh go dtí go raibh Pádraig beagnach tachtaigh aige. Ar deireadh ghéill Pádraic agus d'íoc sé an leathchoróin. Ar aghaidh leo beirt ansin chomh fada le síbín a bhí san áit agus d'ordaigh siad cárt poitín. Tar éis an strachailt a bhí déanta acu bhí tart ar Dhonnchadh agus d'ardaigh sé an mug poitín air féin. Ní túisce a bhí sin déanta aige ná thit sé ina staic marbh ar an urlár. Is cosúil gurb é an chaoi ar thacht sé é féin leis an driopás a bhí air ag ól. Thug Pádraig na mBan a chosa leis agus níor facthas Leac Feichín ní ba mhó. Tá cur síos déanta agam ar ghnéithe áirithe a bhain le saol na ndaoine thart ar Chorr na Móna go dtí le blianta beaga ó shin. Is dóigh liom go mba cheart na Toibreacha beannaithe uilig a choinneáil glan, na cosáin atá ag dul chucu a choinneáil gearrtha, agus turasanna a dhéanamh go dtí na háiteanna naofa seo. Is linne Éanna, Feichín agus Breandán agus cén chaoi a bhféadfadh muid dearmad a dhéanamh ar Phádraig Naofa agus Muire, Máthair Chríost. Tá dlúthbhaint acu uilig lenár ndúchas féin. Ba Gaeil iad a bhí dílis do Chríost agus a neartaigh ár sinsear sa bhfíor chreideamh. Is uatha a d'fhoghlaim muid dea bhéasa Chríost. Ná déanaimís dearmad orthu. Tá siadsan ag guí ar ár son nó go scroichfidh muid an Ghlóir, an Ghlóir Shíoraí agus comhluadar Naomh Pádraig, Feichín, Breandán agus na naoimh uilig. |
Tobar / Toibreacha : well / wells. Cosnochta : barefoot Na draoithe : druids Leonta : wounded Crú capaill : horse shoe Dúchan : blight |
|
Previous - Next Contents |